Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 626
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus tamall de'n oidhche a chaitheamh na theannta. Chuadar isteach agus chuir an sean-duine fáilte rómpa. Chuadar ag imirt cártaí le na chois. Bhí an sean-duine ag buadhaint ortha i gcomhnaidhe agus is geárr go raibh gach a raibh d'airgheadh aca buadhte aige. Tuith ceann de's na cártaí fé'n mbórd agus chrom duine de's na garsúin ar é thógaint agus chonnaic se crúb ar an sean-duine fé mar a bheadh ar madra. Tháinig scannradh air agus chuimhnigh sé nach aoinne chómhair a bhí ann. D'iarraidh sé do'n ngarsún eile dul abhaile le na chois. Dúbhairt an fear eile ná raghadh go dtí go mbeadh cuid dhá airgead buaidhthe aige ón sean-duine. Nuair a tháinig deire an airgid caithte ag an ngarsúin, d'fiarruigh an sean-duine do an n-imireóchadh sé é féin leis. Dúbhairt an garsún go ndeanfadh agus do bhuaidh an sean-duine é. Cómh luath agus shrios an garsún eile an baile chrom sé ar a phaidireacha a rádh ach n'féadfadh sé iad a rádh le scannradh. Crom sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí