Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 019
- XML “Pruais na mBithúnach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí baintreach bhocht i nGlaisí bheag fadó agus ní raibh ací ach aon mhac amháin. Do thagadh sé ar Arda Mór na haon oidhche ag imirt chártaí agus bhíodh sé a haon sa dó a chlog na haon oidhche nuair a thagadh sé abhaile. Bhí ana dhá phártaí aige ar Árda Mór agus bhí rás an Dainghin buailte leó agus dheineadar suas a naigne chun dul ann ach ní raibh costas an laé aca.
Annsan chuadar ag imirt aon oidhche amháin agus dheineadar costas an laé ar na cártaí. Ach a dtánig lá an ráis do gaibh mac na baintríghe chun an dá phártaí agus dimthigheadar ortha ar an rás. Bhí ana lá seóig aca ar an rás ag feachaint ar na capaill ag rith. Nuair a bhí an tráthnóna ag dul i n'deanaighe do bhí tinneas ar a mháthair í dtaobh ná raibh an mac ag teacht agus nuair a dhorachaig an oidhche is mó ná san de thineas a bhí uirthe. Chuireadh sí a ceann an doras anois is aríst feachaint an mbeadh sé ag teacht ach ní raibh ná teacht.
Sa deire thiar thall bhris ar a faoidhne agus chuir sí chun súabhail ar Árda mor feachaint an raibh an dá phártaí tacaighthe. Ní raibh sí ach ag bun Ghlais nuair a ghaibh fear capaill ialaite tharaiste agus bheanaigheadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gearóid Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Ceinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí