Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí baintreabhach bocht ann fadó agus bhí triúr inghean aice. Do bhíodar sa tigh ar fad i bhfad agus sa dheire dúbairt an inghean críona go ragadh sí ag tuilleamh a portúin di féin. Dúbairt sí lé na máthair blóg aráin a dheanamh di, do dhein a máthair dhá bhlóg, blóg bheag agus blóg mhór. Ar maidin lár na mháireach d'fiarraigh a máthair di cioca bheárr lé an bhlóg mhór agus a mallacht ná a bhlóg bheag agus a beannacht. Dúbairt sí léithe gur bheárr lé an bhlóg mór agus a mallacht.
D'imthigh sí léithe agus an bhlóg mhór agus mallacht a máthar aice. Fé dheire do bhuail tobar fíor uisce lé agus thosnuigh sí dhá dh'ól. Níor bhfada a bhí sí dhá dh'ól nuair a tháinigh spideóg chúiche agus d'fiarraigh sé dhi an raibh brúscairín ná bráscairín aice a thabharfainn dem dhearcaigh atá i bpoll an chlaidhe lé rátha. Níl adúbairt sí ach amháin mo dhóthfhainn féin. Chómh luath is chualaidh an spideóg an chainnt sin ní dhein sí aon ní ach a h-eireaball a tharrac tríd an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheal Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí