Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uisce agus íoctar meala agus uachtar fola a dheanamh den uisce. Do chaith an cailín bailiú léithe annsan agus fé dheire do bhuail seana chailleach lé, d'fiarraigh sí den seana cailleach an d'tastóch cailín aimsire uaithe, dúbairt sise go d'tastógadh. D'imíghdear araon ortha nú gur bhaineadar amach tigh na caillide. Dúbairt an cailleach lé ná beadh aon chúram uirthi ach anáin an tigh a scuabad agus an luat a chur amach ach gan féachaint suas ins an tseiminéidhe chuige. Aon lá amháin d'imthigh an cailleach an bhaile mór, agus ach a raibh an cailín ag cur amach na luaithe do thugh sí súil fhéacaint suas an tseiminéidhe agus do thuit mála óir agus airgid anuas.
Bhuail sí thiar ar a drom é, agus chur di chómh tuibh te is bféidir lé é. Níorbh fhada gur bhuail gabhar lé. Dúbairt an gabar lé a chailín a bfeárr a bhí aige duine bocht riamh an gcrúfá mé, dúbairt sí ná crúgeadh mar go raibh an iomarca deabadh uirthi. Do bhí sí ag siubal lé gur bhuail bó lé. D'fiarraigh an bhó dhi an gcrúfeadh sí í, ach dúbairt sí leis an mbó ná crúfeadh mar go raibh an iomarca deabad uirte. Annsan d'féach an cailín na dhiaidh agus do chonnaic sí an cailleach, agus d'imthigh an cailín ar an dtaobh istigh den gclaide.
Do tháinigh an cailleach go dtí an ngabar, agus d'fiarraigh do an bhfeacfhaidh sé aon chailín ag gabáil an bóthar. Dúbairt an gabar gur raibh sí imighthe soir an bóthar. D'imthigh an coileach agus ana dheabad uirthi nú go d'táinigh sí go dtí an mbó, d'fiarraidh sí den mbó an bhfeacfaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheal Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí