Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí aon cailín ag gabáil an bóthar. Dúbairt an bhó leis an gcoilleach go raibh sí imtighthe ar an dtaobh istigh den gclaidhe, agus thug an bhó slaitín draoideachta den gcoilleach agus dhein sí crocán cloch di.
D'imthigh an coilleach léithe abhaile, agus an mála óir agus airgid aice. D'fan an sceal mar sin ar feadh bliadna agus d'imthigh an dara inghean agus is é an rud ceadna a tuith amach uirthi. An tríomhad cailín d'imthigh sí agus isé an bhlóg bheag agus an bheannacht a fuair sí. D'imthigh sí uirthi go d'táinigh sí go dtí an dtobairín. Tháinigh an spideóg chuiche agus loirg sí blúire aráin uirthi. Thug an cailín an t-arán di agus thairrigh sí a h-eireaball tríd an uisce agus dhein sí íochtar fola agus uachtar mealla dho. D'ith an cailín a dóthain den arán agus d'ól sí a dóthain den mil. D'imthigh sí uirthi annsan go mbuail an seana choileach lé, agus dob é an cúram céadna a chuir sí uirthi agus a chuir sí ar a beirt drifúr. Fé dheire dh'féach an cailín suas an seiminéidhe agus thuith an t-ór anuas chúiche.
D'imthigh sí léithe agus an tór aice nú gur bhuail an gabar lé, agus d'fiarraigh an gabar di an gcrúfeadh sí é agus dúbairt an cailín go ndeanfeadh. Nuair a bhí an gabar crúidte aice, agus an bainne óltha aice d'imthigh sí uirthi go dtí an mbó. D'fiarraigh an bhó dhi an gcrúfeadh sí í agus nuair a bhí an bhó crúidte aice d'féach sí na diaidh agus cad a fheicfeadh sí ná an seana-choileach. Do chuaidh an cailín ar an dtaobh istigh den chlaidhe, agus do tháinigh an coileach go dtí an ngabar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheal Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí