Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)riamh asa Mc. Carthy beag leis féin "Maitheamh i nagaidh an uilch agus tá sé chómh mait agamsa maitheamh duith. Annsan bheir sé isteach i siopa mor é agus chuir sé culaith breágh eadhaig air agus thug sé bhíadh agus deoch do agus leis sin tug sé post do.
D'innis sé do cionnus a fuair sé féin a radarch & an saidhbreas go léir a bhí aige agus gur bliain ón lá san a thiochfaidh n píacháin arís. Bfada leis an bFear Mor go dtiocfadh lá na bpíocán arís go ragadh sé ag éisteach leo. Nuair a táinig an lá a bhí ceapuighthe seo chun siubail é, ní dhein sé stadh ná staonadh nú gur socruig sé é féin mar a raibh Mc. Carthy beag an oidhche údh.
Ní fada a bhí sé ann go dtáinig na príocháin agus sé an chéadh rudh a deineadar ná an coill a cuardach sar a mbeadh aoinne ag éisteac leo a bhearfadh aon sgéal nua uatha mar a deineadh cheana. Seadh "fuaireadhar Mc. Carthy Mor fé bhun an chruinn agus seo cuige iadh agus ní fhágadhar pioch do gan strocadh as a chéile. Sin é an fíos a fuair sé tar éis teacht an choill do. Mair Mc. Carthy beogh go lán shásta as san amach.- Bailitheoir
- Seámus Ruiséal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ruiséal
- Inscne
- Fireann