Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 413

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 413

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 413
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí baintreach ann fadó agus bhí aon inghean amháin aici.

    Bhí baintreach ann fadó agus bhí aon inghean amháin aici. Phós sí baintreach fir go raibh mac amháin aige agus ansan cómhnaigh an cearthrar acu idtreannta a chéile. Bhí an buachaill ana cheanamhail ar an gcailín agus bhí sé ar ínntin í a phósadh. Chualaidh an máthair mar gheall air agus níor dhein sí ach an buachaill a chur fé ghlas I dtigh mór árd agus bhí a h-aigne socruighthe aici ar é a mharbhú. Ansan dúbhairt sí lena fear go raibh an garsún ar a laéteanntha saoire. Oidhche dá raibh an athair na chodhladh, cheap sé go bhfaca sé a bhean ag gearradh scórnaighe a mhic le rasúr agus go raibh an garsún bocht ag glaodhach air féin chun cabhruighthe leis. Tháinigh saghas eagla ar an bhfear mar ní raibh aon iontaoibh aige ar a mhnaoi toisc í bheith chómh doicheallach roimh an garsún.
    Nuair a bhí sé féin agus a bhean na gcodhladh an oidhche na dhiaid san, leigh an fear air go raibh sé na chodhladh agus chonnaic sé a bhean ag ealúghadh amach as an seómra agus rud éigint na láimh aici. Lean sé í agus chuaidh sé isteach sa tigh mór árd na diaidh. Nuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac an t- Saoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    An Baile Beag, Co. Chiarraí