Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé ana bhocht, agus sé an ainm a bhí ar a bhean ná Máire. Aon lá amháin dhein sé suas a aigne chun dul go dtí an baile mór. Dúbhairt sé go dtabharfadh sé peidhre bróg go dtí Máire. Bhí an cat sa chúinne agus labhair sé agus dúbhairt sé an dtabharfadh sé aon peidhre bróg chuige féin. Thánaig crith cos is lámh ar an bhfear nuair a chualaidh sé an cat ag cainnt agus dúbhairt sé go dtabharfadh, bhí sin go maith agus ní raibh go h-olc. D'imigh sé go dtí an baile mór agus chuaidh sé isteach go dtí an siopa, agus d'innis sé an scéal do fhear an t-siopa mar gheall ar an gcat. Annsan thug an siopadóir mála mór leathair do chun an cat do chur isteach ann agus dubhairt sé leis a rádh leis an gcat dul isteach annsan, mar go gcíothfadh gach aon duine ag dul síos é. D'imigh an fear abhaile agus é go breágh sásta. Dúbhairt sé leis an gcat mar a dúbhairt an siopadóir leis. Maidin láir na mháreach d'éirigh an fear agus chuir sé an cat isteach sa mhála agus d'imigh sé leis go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mairead De Lonndra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Boilg, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris De Lonndra
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cathair Boilg, Co. Chiarraí