Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 476

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 476

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 476
  3. XML “An Scoláire Bocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sgoláire bocht ann fadó, agus bhíodh sé ag siúbhal roimhis go dtháinig sé go feirmeóir mór laidir. Bhí cath ag an bfeirmeóir seo agus gach nídh a dearfhad sé air a deanamh deanfhadh sé é. Bhí mála mór leabhra ag an sgoláire bocht. D'fiarfruigh an sgoláire bocht lóistínna h-oidhche ar fear an tighe agus thug sé do é agus fáilte. Shuideadar sios agus bhíodar ag deanamh cuideachtan lé céile ar feadh tamaill. Annsan ditheadar biad agus nuair a bhíodar ág d'ithe léim an cath anáirde ar an mbórd. Cuirfidh mé geall anois arsa an feirmeóir leis an sgoláire bocht ná feachais a leithéid san do chath ar do shiúbhalta. Cad na taobh arsa an sgolaire bocht. Deanfadh sé gach rud a dearfá leis a deanamh ar seisean. Geibim pardún agat arsa an sgoláire bocht ní deanfadh. Dheanfhadh arsa an feirmeóir. Cuirfidh- me cuig púnt leat arsa an feirmeóir go ndeanfhad agus cad a cuirfid tusa liom-sa ar sé. Níl aon nídh agam-sa arsa na sgoláire bocht acht mála leabhar. Tá go maith arsa an feirmeóir. D'iarr an sgolaire bocht caírde ar feadh cúpla lá air. Geóbadh mé cúgath ar tráthnóna an dara laé go mbeidh triail ar an gcath againn. Bhíodar ag ithe an t-súipéir i dteannte chéile agus nuair a bhí an suipéar itthe acht tháinig an cath ar an mbórd. Do thriail
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0217: The Cat and the Candle
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín De Lónndra
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cathair Boilg, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Muiris
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Cathair Boilg, Co. Chiarraí