Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 431

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 431

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 431
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhi fear in a chómhnuidhe sa pharóisde mórach fadó agus ní raibh sé ach cúpla bliadhain pósta nuair a cailleadh a bhean.

    Bhí fear in a chomhnuidhe sa Pharóiste Mórach fadó agus ní raibh sé ach cúpla bliadhain pósta nuair a cailleadh a bhean. Ní raibh aon chlann aige agus bhí ana uaigneas air nuair a cailleadh í.
    Bhí feirm bheag thalmhan aige agus ní bhíodh aoinne ag obair sa bhfeirm ach é féin. Ní bhíodh aon chailín aimsire aige leis mar ní raibh an fear bocht ábalta ar a págh a thabhairt dí. Aon oidhche amháin bhí sé suas ana dhéanach agus bhí sé ag léigheamh leabhair do féin chun an oidhche do chaitheamh mar ní chodluigheadh sé go sámh.
    Timcheall a h-aon a chlog is d'oidhche tháinig cnag go dtí an dorus agus bhí eagla ar an bhfear é osgailt. Tháinig sé an tarna h-uair ach níor osgail an fear an dorus. Tháinig sé an tríomhadh uair agus chuaidh sé go dtí an dorus agus d'osgail sé é.
    Do chonnaic sé madra mór dubh amuigh agus tháinig sé isteach agus labhair sé leis an bhfear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brígid Bean Uí Lubhaingh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    74
    Seoladh
    Cill na gColmán, Co. Chiarraí