Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 494

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 494

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 494
  3. XML “Scéal ar an nGabha agus an Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus ní raibh ach aon mhac amháin aige. Bhí an saoghal ag breith ana chruaidh ortha. Ní raibh fhios aca cad i an chéard a b'fhearr a thoghfhaidís don mac. Bhí sé ag déanamh buartha lae agus oidhche dhóibh. Aon maidean amháin agus iad ag caitheamh bhreacfasta do bhuail taistealaidhe an doras isteach. Gabha beadh é. Taréis tamall cainnte d'iarr an gabha ar an athair an scaoilfeadh sé an mac na fochair ar feadh bliadhna go múinfidh sé céard dhó, go gcuirfeadh sé abhaile i gceann na bliadhna é, agus go dtabharfadh sé cúig púint mar gealamhaint dóibh".
    Dubhairt an t-athair leis é bheith aige. D'imthigh an gabha agus an mac. Bhí h-ochtar eile de printísí ag an ngabha.
    Bé mac an fhir seo an printíse a b'fhearr a bhí aige agus bhí sé ana cheanamhail air agus ba deacair leis scaramhaint leis i gceann na bliadhna. Acht mar sin féin scaoil sé leis. Nuair a bhí an mac seachtmhain aige baile. Tháinig an gabha ag triall air arís. Scaoil an t-athair leis ar an gcoingheall go gcuirfí abhaile i gceann bliadhna arís é. Bhí an gabha sásta agus thug ach deich bpúnt mar gealamhaint tdóibh. D'imthigheadar araon.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Muiris O Flaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cathair Boilg, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig O Flaithbheartaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Cathair Boilg, Co. Chiarraí