Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 485

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 485

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 485
  3. XML “Scéal - An Leasmháthair agus an Leasmhac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lanamha ann fadóa gus bhí aon mhac amháin aca. I gcionn suím áirighthe aimsire cailleadh an mháthair agus i gcionn cúpla bliadhain na dhiaidh sin, phós an t-athair aríst.
    Aon lá amháin dheineadar ím agus chuadar an baile mór leis. D'fháadar an leas mhac istig. Dúbhairt an t-athair agus an leas mháthair, leis, aire do thabhairt do'n ngarraáidhe prátaí, agus gan an mhuc do leigint isteach ann.
    Cuir sé síos leitheóg phrátaí do fhéin agus nuair a bhíodar itthe aige, chuaidh sé ag imirt liathróide leis na garsúin eile. Faid a bhí sé ag imirt, chuaidh an mhuc isteach sa gharráidhe prátaí air, agus do thóach sé iad go léir. Nuair a tháinig an tráthnóna rith an garsún abhaile agus nuair do chuaidh sé go dtí an ngarráidhe prátaí, chonnaic sé go rabhadar go léir tógachta. Tháinig fear air agus rug sé ar leach mhór chloiche agus bhuail sé an mhuc leí agus bhain sé dosaon do bhanbhaí marbh aisti. Rith sé é na anam annsan agus chuaidh sé isteach i dtig beag. D'fhiarr sé lóistín ar bhean an tíghe. D'freagair sise é agus dúbhairt "ní d'fhágaimse aoinne annso istig, a amadáin. Bhí bean an tíghe ag déanamh císte do gach saghas rud milis. D'oscail sí an doras agus leig sí an fear isteach agus chuir sé na céadta fáilte roimis. Do shuid sé síos agus d'ullamhaig sise dínnear dho.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nora Ní Seaghdha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Imleach Slat, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Sean O Seághdha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Imleach Slat, Co. Chiarraí