Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Leathanach 439
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ina chómhnuidhe i gCaisleán Ráth-Chonáin fadó agus bhí sé pósta agus taréis tamaill cailleadh a bhean agus phós sé arís.”
Bhí fear ina chómhnuidhe i gCaisleán Ráth-Chonáin fadó agus bhí sé pósta agus taréis tamaill cailleadh a bhean agus phós sé arís. Ní raibh an chéad bhean bliadhain curtha nuair a fuaireadar leitir ó Co. na Mhídhe a rádh leó go raibh sí féin na bheataid in áit áirighthe i gCo na Mídhe agus dul agus í thabhairt abhaile. Ní ní féin a sgríobadh an leitir inaonchor.
Dúbhairt an leitir go raibh sé inaonfheacht leis na daoine maithe agus gur b'amlaidh a cuireadh sheana bhean na h-áit agus gur bí sin a cailleadh agus go raibh sí féin na beataid. Dúbradh sa leitir leis ná féadfadh aoinne í féin a thabhairt leó ach amháin a fear agus a úncail agus a aintín. Dúbhairt sí leis leó dul ag triall uirthi gan mhoill agus ná déanfadh sí féin aon díoghbháil dá fear ná dá bhean.
Nuair a fuaireadar an leitir sa bhaile tháinig eagla ortha agus ní raibh fhios acu cad a dhéanfaidís. Chuadar go dtí an sagart paróiste ach go n-áirighthe agus thugadar do an leitir. Ní leigeadh sé sin dóibh dul ag triall uirthi inaonchor.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brigid Bean Uí Lubhaingh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Cill na gColmán, Co. Chiarraí