Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa droch shaoghal fadó bhíodh daoine ag guid caorach. Aon oidhche amháin bhí bean bhocht go dtugtaí Maíre Bhuidhe mar ainm uirthe. Bhuail na bitheamhnaig léi agus caoire aca. Bhí eagla ortha go sgéitheadh sí ortha agus ní dheinedar ac breith uirthe agus í chaitheamh lé faill. Thuit piosa den gclaidhe lé línn í chaitheamh síos. Do thógtaí an chlaidhe indhiu agus beadh sé tuitighthe ar mhaidin. Bhí san mar sin ar feadh mórán bliadhan. Bhí fear misneamhail ann agus dúbhairt sé go mbeadh fhios aige feín cé bhí á leagadh d'fan sé ag faire oidhche amháin ach má d'fhan thuit a chodhladh air siar san oidhche. Nuair a dhúisig sé bhí an bearna leaguighthe agus níor d'fhan aoinne á fhaire as san amach. Sé an t-ainm a tugtar ar an bearna san na bearna Mháire Bhuidhe/
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí