Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 637

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 637

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 637
  3. XML “Seanamhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanamhrán

    A Shiobhán Ni Hyne an aindhise

    Bean a iompuigh ón gcreideamh Catoilceach agus a phós duine ón Sup - sé sin Prodastúnach: Deirtear gur bé Seán na bPaidreacha a chúm é seo.

    A Siobháin ni Lyne (?) an aindhise
    San ath-tuirse go brách ort
    Mar dhóighis do scaball beannaighthe
    Is stracais do aibíd áluinn
    Dhíólais do chroidhe is d'anam
    Is Shéanais Mhuire Mháthair
    Is mar géall ar seacht scillinge sa tseachtmhain
    Do phósais Paddy Saucepan
    Go bhfeicfead-sa airís go dealbh thú
    Agus gan muga agat na saucepan
    Ag siúbhal na mbóithre mbeannuighthe
    A's ar do throm go mbeidh an mhála
    Ní bhfaghaidh tú prátaí min na bainne uainn
    Na aon rud le cur id mhála
    Acht siúistealam le maide thú
    Agus madraí an bhaile do sághadh leat
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge