Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 783

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 783

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 783
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Níl móran daoine sa cheanntair seo a dheinfeadh éageóir ar bhaintreabhaigh ar eagla go gcuirfeadh mallacht na baintreabhaighe ortha.

    Níl móran daoine sa cheanntair seo a dheinfeadh éageóir ar bhaintreabhaigh ar eagla go gcuirfeadh mallacht na baintreabhaighe ortha. Tá ana eagla ortha roimis an mhallacht úd. Furmhór na daoine a dhein droch-bheart ar bhaintreabhaig agus gur chuir sí mallacht ortha tá an mallacht sin ag tuitim go tuigh.
    Tá muinntear d'ainm áirighthe a bhain a cuid tailimh de bhaintreabaigh agus a thóg talamh alán eile nach í, táid siad mallachtuighthe. D'réir deallraimh an mallacht a chuireadh orth ab'eadh na beadh aoinne d'á nainm ann fós. Agus tá sé ag tuitim ortha. Fear amháin aca go bhfuile feirm aige, níl sé pósta agus beidh sé gan oighre d'á fheirm dá bharr. Fear eile aca clann inghin atá aige. Fear eile fós tá a aon-mhach básuighthe agus gan aige anois ach beirt ingean agus ceann díobhsan leicithe [sickly]. Beirt eile aca tá an mac is sine le gach duine aca caillte - mic láidre groidhe go bhféadfá leas dá bheathaidh a thógaint-mheasfá. Tuiteann an mallacht ar feadh seacht nglúin agus is don dara agus tríomhadh glúin atá na rudaí seo ag tuitim amach. Níl deire an mhallachta tagaithe fós.
    Tá muinntear eile ann leis a thóg talamh baintreabhaigh agus a dhóig a tig ar duine eile. Cuireadh suas le seacht mallachtaí ar fad ortha. Ní cuimhin liom ach ceithre cinn aca.
    (i) go mbeadh duine aca 'na bhacach
    (ii) go mbádhfaí duine eile
    (iii) go marbóchfaí duine eile sa mhuillinn
    (iv) go mbeadh duine eile maol.
    Bhí coiscéim bacaig ag fear de'n muinntear sin. Chuaidh fear eile 'on mhuillinn agus pé útamaíl a bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge