School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)

Location:
Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
Teacher:
Dll. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 633

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 633

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Page 633
  3. XML “Seanamhrán - A Athair Muiris Uí Chuill Mo Mhíle Léan thú”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-amhrán é seo a deineadh mar gheall ar shagart a thuit dá capall ar an Muirigheach agus marbhuigheadh é. Bhí an sagart seo i mBaile 'n Fhéirtéuraigh timcheall 100 bliadhan ó shoin. Donnchadh Ó Laoithig ó Baile Móir a thug an t-amhrán seo uaidh. Tá sé timcheall 36 bliadhain.
    A Athair Muiris Uí Chuill mo mhíle léan thú
    Mar is tú an dochtúir didheachta do bhíodh ag leigheas gach aoinne
    Fuairis an power san agus Glóire ón Aon Mhac.
    Le linn do bháis do tháinig t-athair at fhéachaint,
    Agus do dhrifiúirín uasal is í go huaigneach taobh leat.
    Do dhruid sí anonn taobh leat sé dubhairt sí féinig..
    Sé mó cuma ró mhór é mar is fút do géagaibh.
    Agus ros do shúl dá ndúnadh in aonfheacht,
    Tá pobal na Cairraige go haituirseach tréineach,
    Agus na mná diadhuighthe go diacra id dhéidh sé,
    Cé go bhfagaidh siad sud sagart do mhaithfidh a mbreithre,
    Is ní bhfagaidh t-athair sé do mhalairt in-aon-chor,
    Ba bhreágh é do sheasamh ar faithche nó ar binnse,
    Nó a' rás led capall ó maidean go hoidhche,
    San áit úd go bhfuarthas marbh é i mbaile cois taoide.
    Go dtí an t-athair Sean Ó Cathasaig go grádhamhail séimort
    Do thug sé gradam duit thar sagartaibh Éireann.
    Do léightheadh sé Aifreann agus dfreagrocadh glaoidhte .
    Sar a mbéadh cealacán fada ar a shagart bhreágh naomhtha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh O Laoitig
    Gender
    Male
    Age
    c. 36
    Address
    Baile Móir Thoir, Co. Chiarraí