Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 638

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 638

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 638
  3. XML “Poll an Daimh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pol a Daimh 9-10-1936
    Fuaireadh an sgéal so ó Phádraig ó Siochrú athair an "Seabhac". Tá sé os cionn 80 bliadhain.
    Na céadta bliadhain ó shoin, do sheól árthach aníos tré bhéil cuan a Daingin agus tháinig chun ancaire taobh amuigh de "Pholl a' Daimh". Árthach iasachta do beadh í. Bhí butais óir ag an gcaptaoin agus b'é eagla air go ngoidfeadh na máirnéilig uaidh é, agus d'éaluig sé i dtí é féin agus ceann eile dos na máirnéalaig. Chuadar isteach i bpoll mór doimhin, atá le hais an trágha, ar a dtugtar "Poll a Daimh". Dheineadar poll ar an dtaobh thoir theas de agus chuireadar an butais óir i bhfolach ann.
    Nuair a bhí san déanta agus iad thar n-ais arís ar an árthach, tháinig eagla ar an gcaptaoin go ndeinfadh an fear eile feall air agus go dtógadh sé an t-ór i gan fhios dó. Do lámhaig sé an fear eile. Chaith sé thar bórd é agus siúd leis chun fairrge airíst. Trácht ná tuairisg ní bhfuarthas air ó shoin.
    Ceaptar go bhfuil an butais óir ann fós agus cloistear go dtagann daoine istoidhche á chuardach. Níltear deimhnightheach de sin ach is minic a chídhtear raobadh déanta sa pholl ar maidin. Deir daoine gurbh iad na daoine maithe a dhein é agus agus deir daoine eile gurb é an captaoin féin a thagann thar nais ón mbás á raobadh agus ní dhoicighe ná gurb iad na daoine daonna féin a dhein an raobadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Siocrú
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 80