Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 736
- XML “Scéal - Piaras Feiritéar insan mBlascaod”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuaireadh an sgeal seo leis ó Tomás Ó Maoleóin
Do bhí na Sasannaig ar theóir Piaras Feirtéur uair amháin. Sé an rud a dhein sé na dul isteach go dtí 's na Blacaoidí uatha. Cheap sé go raibh sé sábhálta nuair a bhí istig ach lean na Sasannaig é. Do bhí sé ag ithte nuair a tháínig na Sasannaig chuige. Do thug se cuireadh dinnéir uaid agu glacadar leis lé h-átas. An fhaid a bhiodar ag ithte dúbhairt Piaras leis an gcailín a bhí sa tig braon (?) uisge a caitheamh i mbarraile gac aon gunna. Do dhein an cailín fé mar adubradh leí. Ní raibh fhios aige's na Sasannaig cad dúbhairt Piaras leis an gcailín mar bhíodar ag ithte leó. Nuair a bhí deire deanta ag an gcailín dúbhairt sí lé Piaras é. Do rith Piaras annsan agus seo leis na Sasannaig na dhiaid. Do thugadar fé leis na gunnaí ach bhí an púdar fliuc aige an uisge. Do rith Piaras isteach i bpoll in áit na feadfhad na Sasannaig teacht air. Do caith sé trí lá agus trí oidhce ann ós na Sasannaig. An fhaid is a bhí sé ann do dhein sé an rann so leanas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Maoleóin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí