Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)m'anam, nach fada atá sí." Do thaínig sí annsan deire “Céad mile fáilte romhat , is mithid duit ceart”, ar seisean. “táim sé feadh na h-oidhche ag fanacht leat”. Tr’om i leith an píopa sin”.
“Gheobhair é agus míle fáilte” ar sise. Do thairg sí an píopa do “Seo” ar seisean, “agus beannacht dé le d’anam agus le h-anamnaith I bhPurgadoír. Ma tá peaca ar t-anam go múscailidh Dia tú”
Do tharraing sí stair mhaith do’n píopa í féin agus thairg sí chuige airís é an tarna babhta agus ghuid go ducrachtach le na h-anamnaithe I bhPurgadoír. Tharraing sé an píopa is ghuidh sé trí h-uaire le-n-a h-anam.
“Sé do bheatha id’shaoghal is id’shláinte” ar sise “is fada do bheinn I bpiantaibh Purgadóireachta muna mbeadh tusa . Táim ullamh dul go Flaitheas anois. Téanam anois is tabharfaidh mé píopa is tobac duit”
Do bhí tigh I geomhnuidhe in aice na roilige. “Téir anois” ar sise “cuir do lámh isteach agus tarraing an bolta agus beir leat an sluasad agus an ramhainn go dtabhairfaidh mé píopa is tobac duit”
D’imthigh , is nuair do chualadar gach aon bhéic acu cheap na daoine gurbh’ é an Sprid a bhí ann. Chuadar isteach san roiligh, bhí tor sceiche gile ansan.
“Bhí se ag romhar agus beadh sé ag romhar ag bun na sceiche gile”, bhí an eagla air bhí an poll dá dhéanamh cómh doimhin san.
“Tá eagla teacht orm”
“Ní gádh duit eagla , ní bhaoghal duit mise, tá an iomad anóis agam duit. Sáith síos do romhainn”.
Do dhéin. Do bhraith sé mar bheadh leat. Ghlanadar mór teimpheall na lae agus thógadar an leac. Is amhlaidh a bhí dhá oighean óir agus iad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Ainmneacha eile
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Patson Ruaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí