School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear fadó ann sa droch saoghal. Bhíodh sé ag sclábhuidheacht ó mhaidin go h-oidhche. Bhí sé pósta agus lán tighe paístí aige. Bhí easpa an toac air agus dubhairt sé lena bhean bhúire éigin tobac do sholáthair do. Dubhairt sí go ndéanfadh.
Nuair do thaínigh sí abhaile d'fhiagraigh sé dí an riabh an tobac aice agus dubhairt sí na raibh, ná féadfadh sí é d'fhagháil ó aon duine mhuinteardha.
"Raghaidh mé ag triall ar Sprid an Teampaill féachaint an b'fhaighinn tobac" ar seisean.
"Ná dein , agus b'féidir go mbeadh rud éigin agam duit amáireach"ar sise.
D'fhan sé go dtí lá ar na bháireach agus bhí an fear bocht ag tuitim as a chéile gan an gal. Nuair a tháinigh sí b'é an scéal céadna é. Bhí an saoghal an chruaidh ar ghach n-aon.
Níor stad sé gur shroich sé bóthar an Tempaill, áit a raibh an Sprid. Shuidh sé in aírde ar an gelaidhe. Déarfadh aoinne gur annsan thiocfadh an Sprid. Sé deireadh sé leis féin "Dia le(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Other names
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Patson Ruaire
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Iascaire
- Address
- Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí