Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1-9. Féach ar Éamonn ó'n Luaird - Leath. 53
10. Mí na Nodhlag 10adh 1934
1) Deirtear ná ceart duit do ghruaigh do bhearradh Dia Luain ná d'ingne Dia Céádaoin2) Nuair a thiocfá isteach i dtígh agus iad ag déanamh cuigne, ba cheart duit na barraile do chasadh ar eagla go n-árdochadh na daoine maithe an t-im leo3) Ba cheart duit uisce na gcos do chaitheamh amach sar a raghfá a codladh, agus ba cheart duit an t-úrlár do scuabadh isteach in áit na teine4) Deirtear ná ceart duit aon uaigh do shocrú Dia Luain5) Nuair a thiocfá isteach indoras ba cheart duit dul amach an doras ceudna6) Dá gcasfá ar mhnaoi ruaidh luath ar maidin bheadh mí-rath ort ar feadh an lae sin7) Cuirtear éadaigh le h-anam na marbh ar eagla go mbeidís nochtaighthe ar an saoghal eile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí