School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do mhair ar "Thaobh an Chnuic" fadó baintreabhach mná gur cailleadh a céile go h-óg. Deirtear go raibh súil corruighthe aici agus gur dá dheascaibh sin do cailleadh a fear féin chómh h-óg. Bhí aon mhac amháin aici agus "duine bocht le Dia" dob eadh é. Bhíodh sí a tuilleamh pinginní le na torn[?] - bean amhrais do b'eadh í agus dhíoladh sí cuid mhaith den olann nuair bhí a lán caorach ar an gcnoc aca.
Do chuireadh sí an mac ar an margadh leis an olann nuair bhíodh sí á dhíol. Uaireannta thugadh sé abhaile leis an t-airgead go cruinn baileach, ach uaireannta eile dheineadh sé é scaipeadh ar chóip na sráide. Lá amháin bhí sé a dul an Daingean le mála mór olna. Díreach agus é ag gabháil tre Cham Caoch siar bóthair a' Chonair, do fhliuchaidh an lá agus ba gheárr go raibh cioth mór agus fearthainn go leór ann. Chuaidh sé isteach fé scáth chairrge ó'n gcroth[?], agus seo leis ag bog-amhrán do féin agus ag scríobadh 'sa raobadh na talmhan fé na chosaibh. Ba gheárr gur thug sé(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Bric
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Seán Ó Bric
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 80