School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin do bhí daoine ag baint fhéir i Muir-a-Gráin, is fuaireadar nead easluachrach. Do bhí ceithre cinn de rudaí óga sa nid aici. Nuair a chonnaic sí na fir ag feuchaint isteach sa nid, cheap sí go raibh na coileáin bheaga socair aca. Do bhí muga mór bhainne le h-ais an chlaidhe aca, agus bhest beag anuas ar a bhéal. Cad a dhein an t-eaisín ná an bhest do stracadh den mhuga agus trí no ceathair de shilí do chaitheamh isteach ann. Taréis aga bhig bhí na fir ag druideamhaint ó theorain na nide, agus nuair a fuair sí an lom air, tháinig sí a triall ar an nid, á fhiniúchadh arís.
Nuair a fuair sí amach nár baineadh leis na heasaibh beaga óga do tháinig gan moill arís a triall ar an muga, agus dhoirt sí a raibh ann amach ar an dtalamh.
Ba mhaith a bhail' ar na fearaibh oibre nár baineadar le na coileáin.- Informant
- Sean Ó Dubhda
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Murorgán, Co. Chiarraí