School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 850
- XML “Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá lios i Cluain Siorrac agus tugtar an cearrbhac air. Bhí fear na chómnuidhe san lios sin agus fuair sé bás ann. Bhí athair Sheáin Uí Dubhdha ag dul suas ar thaobh an leasa lá agus d'fe;uc sé isteach san lios agus chonnaich sé an fear istig agus bóna air agus hata ar a cheann agus píosa córda dá ceangail. "Téir," arsan fear san lios "go dtí an Séipéal agus feuc ar a' dtaobh thair den altóir agus cífhidh tú píosa páipéir ann agus dóigh é, agus tar annso anocht agus scaoil an córda as mo hata agus tá dá céud púnt ann agus tabhair dod mháthair é agus raghad go dtí Flaitheas Dé annsan."Do dhein Sean amhlaidh agus ní fheacha sé ó shoin é. Deirtear gur balbhán abeadh é agus níor bhféidir leis dul go Flaitheas go dtí go raibh an páipéar sin dóighte mar bhí a faoistín sgríobhtha ar an bpáipéar sin. Gerárd Ó Concubhair
Fatha- Collector
- Gerárd Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Address
- An Fhaiche, Co. Chiarraí
- Informant
- Seán Ua Concubhair
- Gender
- Male
- Age
- 85
- Address
- An Fhaiche, Co. Chiarraí