School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 867

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 867

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 867
  3. XML “Luibheanna”
  4. XML “Luibheanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fiadhaile is eadh an neanntóg agus fasann sé idtalamh maith. Fadó bhíodh na daoine ag bailiú na neanntóg agus thugadh siad dos na cearca agus na muca iad. Fiadaile iseadh an cupóg leis. Deineann sí a lán díóghbhála dos na prátaí agus tógann sí a lán maitheasa as an dtalamh.
    Fiadhaile iseadh an praiseach bhuidhe agus fásann sé igcómhnuidhe ins na prátaí agus ins an coirce agus tóan sé a lán maitheas as an dtalamh.
    Fásann an caisearbhán ins an gort ins na moinéir. Fadó bhíodh na daoine ag bailiú an chaisearbháin cun é thabhairt dos na ba.
    Fiadhaile eile iseadh an spúnc agus fásann sé ins gach saghas talaimh. Deineann sé alán díoghbhála do'n féir. Fásann an buachalán ins na pairceanna agus ar thaobh an bhothair agus ar talamh bocht.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Mhurcadha
    Gender
    Female
    Address
    An Clochán, Co. Chiarraí
    Informant
    Mícheál O' Murcadha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    An Clochán, Co. Chiarraí
  2. Praiseach Bhuidhe
    Deineann sé an talamh bocht go mór-mhór má tá an iomarca de ann. Tógann sé mórán maithes ó's na prátaí.

    Braiméir
    Fásann sé ar talamh bocht. Staithidís é fadó cun é thabhairt do na ba. Tógann sé an taoileach go léir ó's na prátaí.

    Mislaín
    Fásann sé ar iomaraí na bprátaí. Phiocaidís fadó é mar leigheas do thinneas cinn.

    Meacain
    Salacar an mhilis. Phiocadh na sean daoine é agus dheinidís é róstáil sa teine agus d'ithidís é
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.