Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)
- Suíomh:
- Doirín Darach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín Darach
- XML Leathanach 028
- XML “Scéal Greannmhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí sgata fear ag imirt cártaí i dtigh tábhairne sa Snaidhm agus bhíodar ag easgóinn agus ag guidhe anois is arís. Thuit cuid de na cártaí ar an úrlár anois is arís i gan fhios dóibh.
D'eirigh cuid de na daoine chun imtheachta, agus bhí an chuid eile acu ag imirt fós. Do chrom duine des na fearaibh a bhí chun imtheachta chun na cártaí do bhí ar an úrlár do phioca suas acht cad do chonnaic sé fé'n mbórd acht crút amháin de tharbh fé.
Bhí teine ag teacht amach as an dhá shúil agus bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Ní Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gaorthadh Theas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cathbhuaidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doirín Darach, Co. Chiarraí