Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)
- Suíomh:
- Doirín Darach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 201](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0466%2FCBES_0466_201.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 201
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín Darach
- XML Leathanach 201
- XML “Beirt Fhear a Bádh san Áit Cúpla Céad Slat ón Scoil seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímcheall céad go leith bliadhain ó shoin ní raibh aon bhóhar puiblidhe tímcheall na h-áite seo. Ní raibh ann acht casáin agus do gabadh na casáin i dtreó na h-abhann agus bhíódh áhanna treasna na h-abhann. Bhíodh an áth san áit is éadoimhne den abhainn agus do cuireadh clocha réidhe treasna na h-áite san am san.Bhí ceann acu ag teacht ó Cúm na Cille síos tríd an riasc gur shroich sé an abha ar an dtaobh den tig atá ar bhannc na h-abhann ag Doirín Darach agus gabhann sé suas annsan cómhtreórach leis an bótar a gabhann suas thar an sgoil anois.Lá Nodhlag nuair a bhí bean Mhichíl Uí Laoghaire ag dul ar(leanann ar an chéad leathanach eile)