Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)

Suíomh:
Doirín Darach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doirín Darach
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “Scéal Fíor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I n-aimsir na Soupers bhí droch shaoghal ag tineóíntí na h-áíte seo fén dtighearna talmhan. Bhíodh sé ortha móín an chaisleáín do bhaint saor ó pág agus bhíodh cruach mhór fhada bainte agus curtha le céíle i mí Bealtaine i Leacaín tímcheall ceathramhadh míle ón gCaisleán.
    Bhí buachaill 'na chomhnuidhe tímcheall na h-áite seo agus sé an leas ainm a bhí air ná an Corcán Tae. Bhí míle gráín aige ar an gcaisleán agus bhí fhios aige go maith gur le h-éágcóír a bhí a lán den bhailiú a bhí acu agus ba gheal leis miotóg do bhaint asta chómh minic agus do b'fhéídir leis.
    Oidhce amháin sa Gheimhreadh do cheap an Corcán Tae go dtéígheadh sé síos go dtí Cruach an Chaisleáin cun ciseán móna do ghoid. Bhí sé 'na chomhnuidhe i gCeapa na Coise san dtig in a a bhfuil Pádraig Ó Séaghdha 'na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Shéaghdha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Meall na nGabhar, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cathbhuaidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doirín Darach, Co. Chiarraí