Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)
- Suíomh:
- Doirín Darach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín Darach
- XML Leathanach 230
- XML “Caisleán Dhroth Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba le Muinntir Súilleabháin Caisleán Droth Mór ar dtúis agus bhí aon inghean amháín acu, bhí an sean-duine aosda agus bhí sé 'na Chatoiliceach agus muna dtéigheadh sé go dtí an Teampall ag Cill Eoghain i Neidín agus casadh i n-a Phrotustúnach caillfeadh sé a chuid talmhan. Tháinig Sean Ó Mathghamhna as deisceart Corcaighe. Do bhain an Riaghaltas a chuid talmhan de agus tháinigh sé cun Ó Súilleabháin agus dubhairt sé leis go raibh sé óg agus go raghadh sé go Baile Atha Chliath agus an tEstáit a chur fé chló i n-a ainm féin acht dhein sé amadán d' Ó Súilleabháin agus chuir sé a ainm féin leis na talmhantaí. Dubhairt sé leis go dtéígheadh sé go dtí an Teampall Protustúnaigh. Do phós sé inghean Uí Shúilleabháin agus nuair dó(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peig Ní Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gaorthadh Theas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Gabha (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Gaorthadh Theas, Co. Chiarraí