Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)
- Suíomh:
- Doirín Darach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 120](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0466%2FCBES_0466_120.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 120
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Muinntire Uí Mhathghamhna. Duine atá marbh anois a innis an sgéal dom. Se an ainm a bhí air ná Seán O h Úrd [?] Ó Ceapa Ruadh. Tá a mhac Domhnall i n-a chomhnuidhe ann anois agus bhí Seán i n-a fhear oibre ag muinntir an Chaisleáin. Ba le Risteárd Ó Mathghamhna anáit san am san.
An lá so do chuir an maor na fir ag cur srann i n-aice an chillín sin agus ní raibh fhios aige (ag an Mathghamhnach) aon cilín a bheith ann. Mac do Dhonnchadh Ó Mathghamhna a b'eadh an Risteárd seo agus bhí eagla an domhain air roimh na sagairt.
Bé Cáit Buidhe leas mháthair do Risteárd agus tar éis guidheanna an tAthair Seán Neidín fuair sé bás go h-obann.
An lá so go raibh na fir ag cur na gcrann nuair a bhí fear des na fearaibh ag cur agus díreach nuair a sháith sé an rán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Cathbhuaidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doirín Darach, Co. Chiarraí