Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 018
- XML “An Maide Coill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán Ruadh a bhí ar na Camánaibh , bhí sé cúrsa ag Pádraig Ó Murchadha a bhí ar na Cáintín. Chuir sé ar theachtaireacht é chun duine muinntear a bhí soir ó’n Snaidhm in áit éigin.
Bhí sé chun teacht abhaile arís an oidhche sin. bhíodar a tathant air fuireacht go lá. Dubhairt cailín a bhí sa tig leis fanacht agus go dtabharfadh? sí maidí deasa leis. Bhainfheadh sé ar a shlíghe iad. I gcionn scathamh dam oidhche tháinig an chailín chuige agus aon mhaide chol go bhféadhfhadh sí fhághailt dó. Dubhairt sise go raibh. D’imthig sé leis an mhaide chuilinn agus chuir sé í i bpoll tamall ó’n dtig i dtreo is go mbeadh sí ar fághail aige agus é ag filleadh abhaile.
Tar éis tamaillín eile tháinig an chailín chuige agus maide bréag chol aici. Chuir seisean i dtaisge an mhaide seo níos sia ón dtig ná an ceann eile. Bhí an mhaide chol chómh geal is gur dhóigh leat gur tré fionnadh-mhóin a fhásadh sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Fianachta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 80
- Seoladh
- Clochbhuaile, Co. Chiarraí
- Bailitheoir
- Sígle Ní Conaill
- Inscne
- Baineann