Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 035
- XML “Donnchadh Buí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I Machaghrianaín do chomhnuig tráth fear ar a dtugtí Donnchadh Buidhe. Lá do ghaibh fear isteach chuige. Bhí sé tar éis bheith ar lorg cúpla caoire i gCum A’ Bheannuighthe is bhí sé tuirseach orcach. Bhí corcán prátaí beirbhighthe i dtig Donnachadh is dubhairt fear a’ tighe leis an bhfear eile teacht chun an bhuírd. Níor theastuig aon tathant uaidh is d’ith sé a dhóthin. Tar éis imteacht dó do mhaoideamh Donnachadh an béile prátaí air. Chula seisean an sgeul. Tháinig sé chun sásaimh abaint amach ach seo mar adubhairt Donnachadh :-
“Is fearr an rud a deintear is a maoidhmtear ná an rud ná deintear is ná maoidhmhtear”
Seo sgeul ele mar gheall ar Donnachadh:-
Nuair a bhí Donnachadh ag dul fé láimh Easboig chuadar chun ticeidí D’fágaílt ón‘ sagart. D’fiafruig sé de Dhonnachadh an mó pearsain i nDia. Seo an freagra a fuair sé .
“b’feadar is is cuma liom ach trom ticéad.”
An t-Easbog aisti air annsan ??? desh na pearsanaibh ba threise
“Is mór é m’amhras ar a’ bhfear aosta “ adubhart Donnachadh- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí