Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 038
- XML “Giotaí Gearra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí rí ann agus ba reamhar a’ rí é
Bhí dhá ghamhainín aige agus gamhainín milthe
Fé mar a beirtí suas é beirtí síos é
Treasna ar mhuin chapaill nó marbh ar mhuin daoine
Más gearr libh-se é deárfad-sa airís éTá sgeílín beag ua agam le n-innsint
Is is coír é chraobhsgaoileadh ins gach áit
Go bhfuil biotáille gach lá ag dul i saoire
Agus áthas mo chroidhe orm dá bhárr
Gur ar measg-na sár-fhear b’fhearr bheith á innsint
Mar na mbíodh tárlamh na d’íoc ar ceann cláir
Go bhfaighdís mór chaírt ar thoirtín de
Agus caírde trí – mhí á’ reicineál
II
Agus anois ó thuit sé chomh mór san
Ní náir duínn suidhe suas ar ceann claír
Suidheachán d’fághailt ann duínn fuarmadh
Is go lá geal Dia Luain leis é choiméad
Mo chaírde bheith lámh liom fé shuairceas
Is ní b’fearr liom bheith ag cur cruidthe ar sparán
An deamhas gnó againn bheith ag trácht ar aon bhuaidh
Ach mo ghrádh-sa n “Jug” mor is é lán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Áiligheasa
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí