Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 044
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Ba mhór é mo mhearathall an lá cheapas sa dul thar tuinn”
(ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a téigim-sa sa Chathair bíonn mo bha beaga i gcroanna im dhiaidh
Nó ag seasamh sa mhacha ag feitheam go gcrúidhtí iad
Do bhínn ag seoladh fé’n ngairbhthean gach maidin sar a n-éireóchadh grian
Is go mbfearfide sin liom sa ná na muilte is na “loverseers”
V
Dá mbeinn-se sa bhaile mé bheadh drin brón sa tsaoghal
Is dá mbár bhás dhom ar maidin bheadh mo charaid ag sátadh fé’m dheín
Mo chomharsain breagh taithneamhach gur cheapad gurb iad a b’fearr fé’n spe?
Raghadh go dtí an teampall le’n a gcapaill is ní iarrfad aon phágh na thaobh
VI
Dá n-éireóchadh an sgamall de’n talamh a b’fearr sa Ríoghacht
Do thiocfainn-sa abhaile is do bheadh agam prátaí airís
Im agus bainne tarrach is fághailt mar bhiadh
Agus marcuigheacht sa Cathair a thógfadh a bhrón dem’ chroidhe
VII
Mo mhallach-sa aran sgamall a chuir Ciarraighigh ar fán a’ tsaoghail
Sa ‘Country’ dealbh mar a mheasaim gan puinn truaighmhéil
Dhe ag seoladh i gcuan a’ mharbhuighthe is dá dheascaibh ag tabhairt an fhéir
Ach foiriór tinn deacrach tá san ós ár gcionn go léir- Faisnéiseoir
- Pádraig Óg Ó Chonaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí