School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Buail isteach” arsa duine istig. Chuaidh Aoghdán isteach bhí Conchubhar is na páistí ag ithe a súipéar agus é a suipéar a bhí aca ná leithe á ithe as a gcorcán le sliogán mar spuín. “Suidh i leith” arsa seisean le i hAodhgán. Shuidh Aodhgán agus fuair sé sliogán agus thosnuig ag ithe a shuipéir. Bhris sé an sliogán i gcoinnibh a’ chorcáin.
“Seadh a sróinséar” arsa Conchubhar “Ar mhisde dhom a fhiafruighe diót ; cad as tú ? nó Cad as ainm duit ?”
“Aodhgán Ó Rathaille ó Shliabh Luachra “ arsa sé féin.
“Aodhgán Ó Rathaille ó Shliabh Luachra
Do bhris a shliogán i gcoinnibh a’ chorcáin
Le breis ualaig “
Arsa Conchubhar
“Seadh ‘ fir a’ tighe “ arsa Aodhgán “Cad is ainm duitse”
“Conchubhar Ó Chlaochnaighe “ D’fheagair
“Conchubhar Ó Chlaochnaighe
Conchubhar buidhe na méisgirí
Oiread mhoga de mheill gorm air ( na beola )
Is go raghainn a chodhladh na ghaorthai “ (pollairí)
Arsa Aodhgán .
1) Seán Sheusmais Mac Gearailt
2) Stéig
3) Beagnach a 70 61
5) In Inse –fear na gleíreach mar a chaith sé a óige- Informant
- Seán Sheumais Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- An Stéig, Co. Chiarraí