Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuireadh Tomás Ruadh culaith sa bhliain air féin “Caroline” síoda agus mar sin de.
Cheap sé ar dhul a’ feiscint a ghaolta ag Sliabh Luachra nuair a bhí sé deanta suas. Bhí sé ag bpobal Dea Domhnaig. Chonnaic na daoine an duine uasal ach níor aithin aoinne é. (chuaidh ) bheannuig sé dhoíbh agus chuaidh sé ag cainnt leo. D’fhiafruig sé dhióbh a’ raibh aoinne annso de mhuinntear UÍ Shuílleabháin go nglaodhtai a “Chlann Ruadh ortha. “Mise duine aca “ arsa fear sa tsluagh. “Mise duine ele aca” arsa Tomás.
Nuair a chonnacadar é chómh deunta san cheap. Adar go raibh a phócai lán d’airgead, ach b’fhuirist i chóimhreamh . bhí dúil sa bhraon ‘ge Tomás agus cheap sé go dtabharfhaidís cuireadh díghe dhó. Is amhlaidh a bhíodhar a’ braith air deoch a thabhairt dóibh. Bhí brúscar éigin tímcheall air is ghlaodaigh sé ar dheoch dóibh . shuidheadar síos a’ cainnt.
“Deoch uisge arsan chaora deoch fíona arsan ghabhar” a dubhairt na daoine.
“Anaireamh gabhair is geall le deoch fíon é
Agus anaircín caorach ní féidir dul thairis”
Arsa Tomás. Ba mhaith le Tomás go nglaodhach duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mór Mac Ghearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Stéig, Co. Chiarraí