Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 079
- XML “Croch Gheal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí dritheár ag Aristotil dárb ainm an Bárd Scológ agus san am san ní raibh sa domhan , thoir ná thiar aon beirt ba mhó foghluim ná ud. Bhí tríur mac aige seo mar fhear agus ní raibh aon nídh fé flaithis Dé, ná i bpáirt de sin féinig ná go raibh eólas aca air. Bhí aon trí ceisteanna amháin a chuaidh díobh san a réidhteach. Scéaluidhe a bheadh an té ba shine acu, n’fheadar sé clocu ba ghiorra dó gaol athair nó a mháthair. Fear adhmuid a gearradh a bheadh an tríomhadh mac, trial sé sin gach aon cúinse ní ba géire ná a chéile feachaint clacu ba shia uaidh iochtar an domhain nó an spéir anáirde. Chaitheadar é thabhairt suas.
Dubhradar go raghaidís go hAristotil chun fios fághailt ar na trí meithibh seo agus ná n’eósaidís a ngaol dó. D’imthígheadar ó dhúthaigh go dhúthaig gur shroiseadar an domhan thoir. Nuair a bhíodar i ngarraidh do thig Aristotil chuaidh an té ba shine fe’n a déin is d’fhiafraigh de a dtabharfadh sé aimsear do. “Cad is féidir leat a dheanamh dom?” arsa Aristotil . “Neósfad scéalta breágta duit” adúbhairt an buachaill. “Cuinneóchadsa go ceann ráite tú”. Arsa an máighistir. Fé cheann tamaill de’n lae bhuail a’ tarna mac isteach, is d’fhiafruigh dhe a’ raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Mac Giolla Coda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tuairín Uí Dhuinnín, Co. Chiarraí