Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A Thaidhg ‘ac Domhnaill is brónach an sgeul sa tír
Tú á mhilleadh ‘ge cobhachaibh agus feochain grándha fill
Ba chuileactain tú ar phósadh nó ag ól do cárt dón díghe
Is do phearsa deagh ; ró dheas níl ar m’eolas ón Ráth go Snaidm
II
Ag an Snaidm atá do chaírde ag leaghadh na mbraonadh
Is ag bualadh a lámh gach lá ag caoi is ag éigheamh
T’athair ag cásaim gach lá dhó trí na néall
A Thaidhg , a ghrádh , cad é an aít gur luighis areír
III
Areír ar a leabaidh is é ceapaithe ar dhul chun suaimhnis
Sé ag gol a bhriseann ar an nduine bhiónn cráidhte buartha
I ndiaidh a chlainne bhí i gcumas an rás a bhuadhachaint
Ar fuaid na toinne agus fuirinn is báid á chuardach
IV
Sé an cuardach athtuirseach is is aithiseach dubhach an sgeul
Nár leogadh sau arm iad nó sa chogadh go mbeadh lámhach na bpiléa?
Sara bhfeiceadh a m’athair bocht’ marbh is a mbás araon.
Insan tsruail seo treasgartha is gan fuinneamh ná brígh in aon ghéig .
V
A ngeuga geala do bhí le rádh ag an saoghal
Go na mbárr ceannasach, carthanach grádhmhar seímh
Do bhí a mball beamh gan déarmad mar órduig Críost
Cé gur bháidh an sgalladh iad go tapaidh ag taobh a’ tighe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí