Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig fear chun tigh fadó agus beart mór croiceann gabhar ar a dhream aige is na hadharca go léir ortha. Ní raibh aoinne roimis istigh ach garsún beag. "Dé bheatha sa shláinte, a gharsún ach cad é an aithne atá agat ormsa" ar seisean. " Tá go maith" arsan garsún "mar is minic a bhíonn m'athair ag bagairt Púca na nAdharc orm nuair a bhím ag déanamh crostáil". "Tá do phaidreacha go maith agat a gharsúin" arsan fear ag bualadh a bheart ar a dhrom agus amach an dorus leis.Bhí fear ann fadó agus bhí bothán aige. Ní raibh de theine aige ach sgothán. Bhí poll n-a chorcán agus bhí leanbh leath lámhach aige. Sé dubhairt gach aoinne go raibh sé go leobarnach leath-thabhach.