Scoil: Both Íseal (uimhir rolla 16744)
- Suíomh:
- An Bhoth Íseal, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ua Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Both Íseal
- XML Leathanach 017
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa blíadhain 1819 tháinig gaoth árd agus tuille mór. D'fan síád ann ar feadh ceithre lá agus ceithre oidhece. Chuirdeadar eagla mó ar na daoine.
San am san bhí fear 'n-a chómhnuidhe i Snaidhm dar'b ainm Seán Ua Chonchubhair. Bhí sé 'n-a chómhnuidhe in aice Loch Éigian. Deirig an gaoth go h-ana árd. Leag sí cuid de'n slín as an dtig. Leag sí alán croinn inaice an tíghe.
Annsan do stab an gaoth agus tháinig tuille mór. Cuaidh sí isteach i dtig Shean Ua Conchuchair, san oidhche. Bhí leanbh ins an tig. Bhí sí ina chodgladh i clíabhán agus do bhádhach an leanbh. Núair eirig a mháthair ar maidin agus nuair a chonnaic sí an leanbh marbh chuaidh sí amach agus do bhádhach sí í féin. Tá síad churtha i Baile na hEaglaise i Snaidhm.
Annsan chuaidh Seán Ua Chonchubhair go dtí Alba. Bhí an tig ann ar feadh tamaill gan aoinne i gcómhnuidhe innte. Tar éis tamaill do thuit sí.- Faisnéiseoir
- Seán Ua Cobthuigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Chluain Thoir, Co. Chiarraí