Scoil: Both Íseal (uimhir rolla 16744)
- Suíomh:
- An Bhoth Íseal, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ua Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Both Íseal
- XML Leathanach 001
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amáin fadó bhí feirmeóirí na paroisde cruinnighthe le chéile cun an cíos do dhíol. Bhíodar ag fanamhaint go dtí go dtagfadh an tígearna talmhan. Bíodar ag caint eadthora féin agus ag trácht ar an cíos trom agus ar an droch blíadhain. Bhí fear aosta ann dar'b ainm Risteáird. Fear ana cíalmhar ab eadh é. Núair airig sé an caint go léir dubhairt sé leó "Ní hé an cíos trom na an droch bhlíadhain fé ndearna sibh bheith chómh bocht, acht bhúr leisge agus díth-ceile féin."
“Cuimhnig” ar seisean “go moch a chodladh agus go moch ag eiriúghadh a dheineann fear shláintiúl saidhbhir ghlic.”
“Treabhadh doimhim fhaid a chodhluigheann na daoine díomhaoin agus beidh óirne agat chun díol is coimead.”
Aon nídh a bhféadhfair a dhéanamh na chuir síar go dtí imbháireach, agus arís” ar séisean amach ó fhíaca, amach ó díoghbháil.” Dubhairt sé leó gan bheith ró díth-céile ag ceannach síodaí is rudaí gan mhaith mar gur mhinic a chuir sé sin fear ó’n dtig. “Os cionn go léir” ar seisean “seacham tig an táirne”
Chúadar go léir abhaile agus thógadar cómhairle Rísteáird blíadhain ón lá san chruimnífeadar san áit céadhna agus bhíodar buidheach do Risteáird mar gheall ar an cómhairle maith a tug sé dhóibh mar bhíodar go léir i bhfad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maitéas Ua Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Doirín na nÁiríoch, Co. Chiarraí