Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 029
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- P.029Seana-SgéulBhí fear ann uair- Donncad ab’ainm do. Chuaidh sé ar an aonach lá chun bramach a dhíol. Dhíol sé an bramach is fuair sé airgead mhaith air. Thug sé an bramach go dtí stáisiún na traénach, chuir sé a capall isteach i stábla, d’ith sé a dinnéar, is ceannuigh sé rudaí a bhí ag teastáil uaidh. Bhí sé déanach sa tráthnóna nuair d’fhág sé an cathair, is ní raibh aoinne in aoinfheacht leis. Níor b’fada go dtáinig an báisteach anuas ‘na sruthánaibh, is fliuchadh Donnchadh go dtí an croiceann. Bhí fearg air, “Cad cuige go gcuireann Dia an báisteach anuas orm mar seo,” ar seisean, agus mé ar an mbóthar. Ar an mbóthar abhaile b’éigean do dul trí coíll. Bhí an oidhche ag tuitim is bhí eagla ag teacht air. Ba geárr go bhfeaca sé rabálaidhe ar thaobh an casáin, agus gunna aige. Cuir an robalaidhe an gunna le ‘na gualainn is ghlaodh sé ar Donncadh stad, agus teacht anuas de’n gcapall. Bhí a croidhe ‘na bhéil ag Donnchadh, ach níor stad sé. Tharraing an robálaidhe an triogair, ach mo léir, níor tháinig aon urchar as an ngunna, mar bhí an pudar fliuch ó’n mbáistigh. Do bhuail Donnchad leás d’á eachlasg ar an gcapall, d’imthigheadar ar chos anáirde is thánadar slán as an gcoill. “Feuch anios,” arsa Donnchadh, “nách mór an t-amadán mé. Bhíos ag gearán i dtaobh na báistighe, is mara mbeadh í beinn cómh marbh le h-Art an nómat so.” Gaibh sé a bhuidheachas le Dia, is thug a bhóthair air go dtáinig sé slán abhaile.Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
Caoldubh Uachtarach,- Bailitheoir
- Siobhán Ní Curnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Curnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí