Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 079
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalDo bhí fear ann fadó, darab ainm Seán Thaidhg. B’annamh dó bheith amuigh is d’oidhche. Oidhche amháin, chuaidh sé amach ag siúbhal, agus do bhí an gealach ag taitneamh. Chonnaic sé a sgáth féin taobh leis, agus cheap sé gur fear eile a bhí ann.
Do bhí sé ag siúbhal leis, go dtí go raibh allus air. Do rith sé annsan go dtí go raibh sé lag traochta, acht ba bheag an cabhair dó é. Do thuit sé ar thaobh an bhóthair sa deireadh, agus chuaidh sé i laige. Ar maidin lár na bháireach, fuaireadh ar thaobh an bóthair é, marbh. Pádraig de Búrca a sgríobh
Mícheál Ua Siochfradha (55) d’aithris
Stad an tSléibhe,
Gleannbeithe
Co. Chiarraí.- Bailitheoir
- Pádraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheall Ua Siochfradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Stad an tSléibhe, Co. Chiarraí