School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 059
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana-SgéulBaintreacha bocht a bhí ann fadó, agus muirir mór uirthi. Tháinig lá Nodhlag agus gan aon blúirín feóla sa tig achu. Bhí na páistí bochta ag rith mór-thímcheall an tíghe agus “A Mham, A Mham” á rádh achu. “Lá Nodhlag bíonn gach aoinne riamh ar fuaid Éireann ag ithe feóla, agus agus gan aon fheóil againn-ne.” Níl, mhuise, aon fheóil againn, ach le conghnamh Dé ‘s na Maighidhine Mhuire beidh feoil againn fós. Líonadh an corcán le n-uisge, agus chuirfidh mé síos cloch mór agus aoinne a thagann isteach, is dóigh leo go bhfuil feoil againn.” Dein sé amhlaidh
Tháinig fear giobalach ‘dtí an doras. “Tar isteach, tar aníos ‘dtí an teine,” arsan baintreach leis. “Suidh síos agus téig thú féin; tá an aimsear an-fhuar, míle buidheachais le Dia.” Bhí an fear giobalach suidhte síos ag an teine, agus i gcionn tamaill dúbhairt sé:- “Tá an corcán so ag fiuchadh má’s rud é ná fuil ann ach chloch. “Sid é a bhfuil ann, mhuise?” arsan baintreabhach. “Seo, thóg an clúdach go bhfeicimíd,” arsan fear. Thóg sí an clúdach, agus bhí an corcán lán suas le feoil. D’imthigh an fear giobalach an doras amach, agus ní fheaca sí ó shoin i leith é. Teachtaire ó’n dTíghearna ba eadh é, gan amhras, mar an É féin a bhí ann.Caitlín Ní Coisdealbha, do scríobh
Caitlín Bean Uí Choisdealbha d’aithris
Coill-Coidhtheach,
Gleannbeithe,- Collector
- Caithlín Ní Coisdealbha
- Gender
- Female
- Informant
- Caithlín Bean Uí Choisdealbha
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Cill Choimhtheach, Co. Chiarraí