Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 067
- XML “Fir Léime”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fir LéineAn fear léine a b’fhearr bhí sa pharóiste seo idir Gleannbeithe is Gleann Cárthaigh bheadh Seán Ó Bhraoin (Seán a’ Bhraoinig) ná maireann. I nGleann Cárthaig a mhair sé, ar an Drom a’ Lóthairt. San am san, taréis Aifrinn bhídís ag léimrig agus cos-lomnochta bhídís. Trasna an bhóthair ar aghaidh an t-Séipéil amach, agus ó clós an t-séipéil a leimidís. Thriall mórán é ach sa deireadh ó’s na iomaduidhdthe ar fad táinig sé idir Pádraig Ó Foghludha ag Seán a’ Bhraoinig. Fear maith léimt b’eadh Pádraig (Amhlaoibh) leis agus fear parseónta. Caith Paddy an léim is má chaith chuaidh sé thar bhóthar is i n-áirde ar chlaidhe bhí ar an dtaobh thall. Annsan tairring sé rásúr as a phóca. D’osgail agus cur sé ar “mare” é, agus an faobhar i n-áirde, d’fhonn eagla chuir ar aoinne eile, mar tá fhios agat bhíodar cos-lomnochta. Ach níor chuir sé eagla ar Seán ‘a Bhraoiníg. Ina ionad san is amhlaidh a tháinig dúbailt anama ann. Thóg sé cúpla coiscéim reatha, ghlan sé an bhóthair, agus chuaidh sé faid rámhainne ar an dtaobh eile de’n chlaidhe. Annsan tháinig agus thóg an rásúr agus dhein smidiríní dhe ar an mbóthar agus do Phaddy chómh maith. Níor léim Paddy a thuille as san amach.
Lá eile bhí Seán agus cúpla comrádaí dó, ag dul t’réis Aifrinn fé dhéin Tig Osda Gleanna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás ac Eoin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Partalón Ó Duchartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75