Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 097
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéulBhí fear ann fadó darab ainm dó Dómhnaill Sealgaire. B’é a ghnó ó mhaidin go h-oidhche bheith ag tóruidheacht ar girrfhidhthe, agus ar coiníní, agus ag rith ar éanluithe. Bhí an córacha go léir aige a oirfheadh d’fhiagaidhe nó do sealgaire. Bhí gunna, agus chú, agus firéad aige, agus ní raibh aon gann achar inneall súil-ribe air, i gcás gur dheacair do ghirrfhiadh ná do choinín na do chirc fhraoigh dul uaidh.
Théigheadh sé go dtí an baile mór cúpla uair sa t-seachtmhain chun a mbíodh aige do dhíol, agus dar ndóigh, do bhíodh lán a phócaí d’airgead aige ag teacht abhaile dhó, mar i dteannta é bheith glic gunta chun teacht suas leis an seilg, do bhí sé cruinn ar an ngunna, agus seansamhail ádhmharach san gcuardach.
Do chuaidh an cluiche i na choinne i gceart ar feadh tamaill i dtreó go raibh sé ar feadh i bhfad nar fhéad sé teacht suas le h-aon nídh. Fé dheireadh do mhairbh sé coinín agus sin ar mhairbh.
Do chuir sé an coinín isteach i mála cuige féin maidin áirithe, agus do bhuail sé ar a dhrom é, agus do ghluais sé air fé dhéin an bhaile mhóir cun an coinín do dhíol.
Do thárla tig tábhairne ar an mbóthair roimis, agus do ghlaoidh sé isteach ann. An fhaid do bhí sé istig do bhí sé féin agus fear an tábhairne ag cainnt. Do bhí sean-aithne achu ar a chéile. Do bhí Domhnaill ‘gá innsint do’n b’fear eile conus mar a bhí an saoghal ag gábhail in a choinne le déanaighe, agus d’innis sé dhó mar gheall ar an gcoinín i dteannta na coda eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí