Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 020
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seana-sgéalBhí múinteoir ann uair amháin agus bhí sé istig i dtig-ósta, agus bhí sé ag tabhairt doich do gach duine a bhí istig ann. Sar ar thug sé an deoch dóibh, dubhairt sé do gach duine i mbeannacht do thabhairt dó. Fear maol do b’eadh an mhúinteóir agus dubhairt buachaill a bhí istig leis:- Sláinte cúghat agus cabhair,
Agus dealbh go deó ná rabhair
Go bhfásadh gruaidh id cheann
Comh fada le meigeall ghabhair. - Seana-Sgéul
Bhí fear ann fadó, agus bhí mac aige, agus bhí sé pósta agus bhí an t-athair ‘na chomhnuidhe in-aoinfheacht leis. Lá de’s na laethanntha, dubhairt an mach leis an t-athair beith ag imtheacht. Dúbhairt an t-athair:- Ó’s anois atáim críona
Agus go liath ar mo cheann,
Ní brígh dhuit mé dhíbirt,
Mar tá an blíadhain gabhamh.
Caitlín Ní Coisdealbha, do scríobh
Caitlín Bean Uí Coisdealbha (50) d’aithris
Coill-Coidhtheach,
Gleannbeithe,
Co. Ciarraidhe.