Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 030
- XML “An Gorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó in am an ghorta bhíodh mórán daoine ag gabháil timcheall na h-áite seo ag iarraidh rud le n-ithe. Bhí daoine in áiteanna agus bhíodh corcan mine buidhe déanta aca i gcomhair na bochtain ach ní choimeádfadh san na mbeathaigh cuid aca mar bhídís rólag leis an ocras sar a bhfaighidís an min bhuidhe. Bhí sé róláidir agus marbhuigheadh sé gan moill iad cé ná raibh le fághail aca ach punt an duine.Bhí fear ina comhnaidhe i gCathair Beag agus bhíodh an leiteann a dhéanamh aige do na daoine bochta. Lá amháin bhí triúr ban agus asal agus truchaill aca ag dul go dtí an áit chun bidh d'fhághail. Fuair duine des na mnáibh bás ag Croise Cárta agus do tugadh anuas go dtí an cillín atá i gCillín-leith chun í a chur.. Cuireadh í gan cónra mar a chuirtí mórán daoine an uair sin. Seo scéal eile a tharlaigh in aimsir an gháthair.
Bhí seanbhean i na comhnaidhe taobh thuath de droichead Bunadroighean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí