Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 049
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh aon scoileanna naisúnta ann fadó fé mar atá anois. Ní raibh aon t-slighe ag na daoine cun aon léigeann do soláthar dóibh féin ach is amhlaidh a théigheadh máighistirí timcheall agus bailighidís isteach i dtighthe áirithe ag foghluim.
Bhí Muirris Ó Conaill na tighearna talmhan i gCois Cumarac agus ba mhaith leis léigheann do soláthar dá cuid tineóntaithe. Bhí sé na chómhnaidhe i gCill Áirne ach caitheadh sé an Samhradh I gcaisleán mór a bhí aige I Dromod. Nuair a chonnaic sé ná raibh slíghe chun léigheann do soláthar do na daoine fuair sé máighistir darbh ainm Seán Ó Cróinín agus thug sé seomra dó cun scoil a dhéanamh de agus do thagadh mórán leanbhaí ann ag foghluim. Ní bhíodh aon Gaedhluinn aca ins an scoil sin ach Béarla ar fad agus ní bhfaghadh an máighistir ach sgilling sa ló.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Siothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí